Conas a aimsiú an chaoi a chaith FPE a vóta?
Torthaí vótála na bhFeisirí Eorpacha
Má tharlaíonn vóta glaoch rolla ar thionscnaimh/léasú áirithe i rith seisiúin iomlánach i bParlaimint na hEorpa, ní bheidh fadhb ar bith ag fáil amach cén caoi a chaith FPE a vóta.
Ar dtús caithfidh tú fáil amach cén áit ina raibh an vótáil ar siúl - sin é an príomhrud. Ansin tagann tú chuig an nasc thíos agus déan cliceáil ar Miontuairiscí :
http://www.europarl.europa.eu/activities/plenary/home.do?language=EN
Nuair a bhrúnn tú "Miontuairiscí", tabharfar rogha duit "Cuardach le Dáta". Nuair a roghnaíonn tú dáta áirithe , feicfidh tú na tuairiscí a pléadh ar an lá i gceist., ach chomh maith le sin faigheann tú liosta de na tuarascálacha ar dhein na FPE vótáil orthu. Má fheiceann tú an tuarascáil atá ag teastáil uait, téigh go dtí bun an leathanaigh ar an dáta a bhí an vóta ar siúl agus beidh 3 rogha agat - Miontuairiscí, Torthaí na Vótaí agus Vótaí glaoch rolla. Is é an rogha vótaí glaoch rolla an cheann atá ag teastáil uait anseo.
Nuair a osclaíonn tú an doiciméad, beidh sé deacair a thuiscint ar dtús, ach tá an eolas atá ag teastáil uait anseo:
1. Caithfidh go bhfuil ainm an duine a chur an tuarascáil i láthair agat (i.e. an rapóirtéir). Féach thíos chun leid a fháil chun cabhrú leat ainm an rapóirtéara a aimsiú.
2. Aimsigh ainm an rapóirtéara san innéacs - má bhí vótaí glaoch rolla ar leasuithe áirithe, beidh siad liostáilte faoin ainm an rapóirtéara freisin.
3. Téigh tríd an doiciméad go dtí go bhfaigheann tú an leathanach ábhartha. Feicfidh tú ainm an rapóirtéara ar barr an leathanaigh agus i gcásanna áirithe feicfidh tú uimhir an leasaithe i gceist.
Leid 1
Chun an rapóirtéir atá á lorg agat a aimsiú téigh go dtí an nasc bunaidh, déan cliceáil ar Mhiontuairiscí ar an taobh clé, cuardaigh le haghaidh an dáta agus nuair a aimsíonn tú an tuarascáil, déan cliceáil air chun ainm an 'rapóirtéara' / FPE a fháil, an té a chuir an tuarascáil i láthair (i.e. an duine a dhein an dréacht nó a stiúir tríd an gcoiste ábhartha é).
Leid 2
Chun liosta d'Fheisirí Eorpacha Éireannacha a fháil, déan cliceáil ar an nasc thíos agus líon isteach an mhír tíre.
http://www.europarl.europa.eu/meps/en/performsearch.html
Is féidir leat na FPE a fháil mar gheall ar ghrúpa polaitíochta freisin.
Leid 3
Seasann an '+' do na FPE a bhí i bhfábhar
Seasann an '-' do na FPE a bhí i gcoinne
Seasann an '0' do na FPE nár chaith vóta